School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 65

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 65

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 65
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Seo sgeal a bhaineás le Conan Maoil nuair a bhí sé ag silg thart fan cheanntair seo.

    Seo sgeal a bhaineás le Conan Maoil nuair a bhí sé ag silg thart fan cheanntair seo. Aon uair amháin bhí na Fianna agus Fionn Mac Cumhaill ag seilg in an pharóiste seo. Bhí siad ina comhnuidhe ag Mullan an Tighe Mhóir, agus bhí a cuid bean leobhtha fosta.
    Aon lá amháin chuaidh Fionn agus na Fianna amach ag seilg agus dubhairt siad le Conán Maoil fan sa bhaile agus an teach a chomhéad. Shíl na mná go n-imreochadh siad cleas ar Chonán. Bhí Conán Maoil an tuirseach agus luighe sé ar an urlár agus thuit sé ina chodladh. Bhí gruaig an-fhada air agus bhí an ghruaig ina luighe ar an urlár.
    Cheangail na mná an ghruaig do'n philéir agus chuaidh amach, agus thoisigh siad ag déanamh tormáin agus glóir; agus thoisigh siad ag scairtigh "namhaid, namhaid". Mhusgail Conan, agus leis an léim a thug sé d'fhág sé a chuid gruaige agus an chroiceann ina dhiaidh.
    Bhí an-fhearg air fá dtaoibh de seo agus dubhairt sé go n-imreochadh sé cleas ní b'fhearr ar na mná.
    Chuaidh sé amach thug leis tuagh agus chuaidh amach. Thug sé aghaidh ar Bharr Choilleadh agus thosigh sé ag cruinnigh brosna.
    Nuair a bhí na brosna cruinnighthe thug sé a aghaidh ar Mhullán an Tighe Mhóir aríst. Bhí uchtán móir brosna aige agus d'fhág siad san teach iad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Ardvally, Co. Donegal
    Informant
    Caitlín Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Ardvally, Co. Donegal