School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 58

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 58

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 58
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí ríogh ann aon uair amháin. Bhí triúr mhac aige.

    Bhí ríogh ann aon uair a mháin. Bhí tríur mhach aige. Bhí cheann amháin dhá bhliadain déag, bhí ceann deic mbliadhna, bhí ceann eile ocht mbliadhain. Bhí garraidh ag an rí, agus bhí crann ann a rabh ubhlaí ór air. Bíodh da h-ubhallaí seo cunntaisuighthe gach bhliadhain. Bhí siad cunntasuighthe an lá seo agus bhí ceann aca caillte. Dubhairt an rí go gcaithfeadh an mac a ba sine suidhe an oidhche seo leis na h-ubhlaí a coimeadh. Nuair a tháinig an mheadhon oidhche thuit sé ina codladh agus chuaidh sé fhad leis an rí. Dubhairt sé leis nach bfacaidh sé rúd ar bith. “Tá ceann aca ar shiubhal indiu arais” bhí rud eiginteacht ann. Bhí an fhearg ar an mhac, agus d’imthigh sé leis. Nuair a tháinig an oidhche, dubhairt an buachaill a bhí deich mbliadhna go suidheadh seisean an oidhche seo. Rinn sé an rúd ceadna cosamhail leis an cead buachaill chuaidh seisean ar shiubhal fosta. Dubhairt an buachaill a bhí ocht mbliadhain go suidheadh seisean. Shíl an rí go sé ró óg, acht shuidhe sé go maidín. Nuair a táinig an mheadhon oidhche, chualaidh sé tormán ins an aer, léim sé ina sheasamh. Connaic sé éin, bhí cluimhreach buidhe uirthí. Chaith sé cloch, agus thuit ceann dén a cleiteacha go dtí am talamh. Chuaidh sise go dtí an rí dubhairt sé go bhfacaidh sé ean, agus seo ceann dén na cleitheacha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Collector
    Eiblín Ní Chinneidhe
    Gender
    Female
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
    Informant
    Art O Cinneide
    Gender
    Male
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal