School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 48

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 48

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 48
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí gasúr beag agus a mháthair ann aon uair amháin. Lá amháin chualaidh an gasúr go rabh fáthach mór ina chomhnuidhe cúpla míle ar shiubhal agus d'iarr sé ar a mháthair cead a thabhairt do le ghabháil go dtí teach an fháthaigh.

    (continued from previous page)
    an fháthach agus a bhean i luighe. Tháinig an ghasúr amach agus chuaidh go dtí an choirneal. Fuair se greim ar an chirc. Annsin chuaidh sé go dtí an doras agus ní rabh glas ar bith ar. D’Fhosgáil sé é go an chiuin agus chuaidh sé amach agus druid sé an doras ina diaidh. Rith sé annsin an méid a bhí ina chorp agus ní rabh se ibfad ag baint an bhaile amach. Bhí a mháthair ina suidhe ag an teinidh nuair a chuaidh sé isteach. Bhí an iongantar uirthí nuair a chonnaic sé sí a mac abhaile slán. D’immis seisean gach rud a thárlaidh do agus nuair a chonnaic sí an cearc bhí an áthais uirthí.
    An tráthnóna ina dhiaidh sin bhí an gásúr ag iarraidh gabháil go dtí teach an fháthaigh aríst agus ní leigfeadh a mháthair é, acht d’imthigh sé nuair a bhí sé ag eirigh dorcha. Ní rabh sé ibhfad ag baint an teach amach. Nuair a chuaidh sé isteach bhí an bhean ina suidhe ag an teinidh. D’iarr an gasúr uirthí cead a thabhairt do fanacht an oidhche sin “O ársa sise ní thig liom sin a dheánamh. Bhí gasúr beag annseo aréir agus goid sé chearc”. “Ó ársan gásúr nach olc an bhuachall sin ní (deán) dhéanamh mise rud ar bith mar sin”. “Bhal ársa sise go asteach faoi an chliabh sin”. Rinn sé seo. Níorbh bhfada go dtáinig an fháthach asteach agus d’ith sé a shuipear agus chuaidh sé gó dtí an téastar agus thúg sé seibh leis. Annsin craith sé aníos ar síos an urár é. “Ó ársan gasúr “dá mbéadh an seibh sin agam-sa bhéidhfinn saidhbhear go deo. (B) Nuair a chraith an fháthach an seibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
    Informant
    Micheál Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal