School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Shrule, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 051
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. [ ]odh na daoine suas le cúig bliana déag d'aois sul a chuireadh [sia]d aon bhróga orra. Bhí fear ann uair amháin agus "[ ]mas na Coise Protasdúnaighe" an t-ainm a bhí air. Fear [déi]rce a bhí ann agus lá amháin chuaidh sé amach ag iarraidh [déi]rce. Bhíodh bróga air uaireannta agus uaireannta eile [ní] bhíodh aon bhróga aige. Bhí péire bróga aige an lá seo a [ ]aidh sé amach ag iarraidh agus chonnaic sé teampoll. Chuaidh [sé] ins an dteampoll mar ba Chaithliocach an-mhór é. Nuair [a] bhí sé ag dul isteach ins an dteampoll chuir sé cos amháin isteach ar dtús agus nuair d'fhéac sé suas ar an altóir [bhí] "Minister" Protosdúnach ann. Sé an píonós a chuir sé air an gcos [ná?] nach gcuirfeadh sé bróg go deo arís air. Sioc nó sneachta, [b]áisteach ná aon rud eile ní chuirfeadh sé bhróg ar an gcois [sin] go lá a bháis.
    Níor chuir na páisdí óga aon bhróga orra aon am de'n bhlian. [Ní]or chuir na daoine aon rud ins an uisge nuair a nigheadh [sia]d a gcosa. Bhí Pisreóg ann nach raibh sé cheart do aon duine [an] t-uisge in a nígheadh a gcosa a chaitheadh amach go mall [in]s an oidhche. Bhí gréasuidhe in a chomhnuidhe i sean-teach i [ ]angan agus bhí an teach ar chnoch. Sé an t-ainm atá ar an [g]cnoc sin anois "Cnoc a gréasuidhe". Sé an t-ainm a bhí ar an fear Peadar Bodhar. Tá na gréasuidhthe i bhfad níos flúirsighe anois ná mar a bhíodh siad fadó. Caithtí bróga bonn-adhmaid fadó agus bhí fear in a chomhnuidhe in aice le Áth Chinn a bhíodh gá ndéanamh. "Mr Wrigs" an t-ainm a bhí air. Bhíodh na daoine ag déanamh na mbróg in a dtighthe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghán Ó Gabháin
    Gender
    Male
    Address
    Shrule, Co. Mayo
    Informant
    Marcus Ó Conghail
    Gender
    Male
    Address
    Shrule, Co. Mayo