School: Naomh Seosamh, Shrule
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Reachtaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Shrule
- XML Page 025
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)athighthe ar feadh trí lá agus trí oidhche go dtáinig sé isteach ann. D'iarr sé orra theastuigh aon bhuachaill aimsire uatha agus dubhairt iad go dteastóchadh. Dhá a lán ba bainne aca agus dubhairt iad leis gur bé an "job" a bheadh aige na ba a thiomál amach ar maidin agus thiomál isteach arís sa tráthnóna. Chuaidh sé amach leis na ba ar an lá ar na bhárach agus nuair a chuaidh sé isteach sa bpáirc ní raibh aon fhéar maith ann. Thiomáil sé a ba go páirc eile acht ní raibh aon fhéar maith sa bpáirc sin freisin. Bhí balla mór ag cloigeann na páirce sin agus chuaidh sé go dtí an balla. D'feach sé isteach tar an balla agus séard a chonnaic sé acht gáirdín ubhall agus bhí féar an-mhaith ann. Leag sé bearna ins an mballa agus thiomáil sé na ba istigh ann. Nuair a bhíodar ag ithe féir chonnaic sé na h-ubhla breaghtha a bhí ann agus chuaidh sé suas i gcrann agus thosuigh sé ag ithe na h-ubhla. Tar éis tamaill tháinig fathach agus dubhairt sé "faghaim balath Éireannaigh bradach bréagach ní mór liom greim thú agus is beag dhá greim thú agus gabh anuas den chrann". "Beidh mé luath go leór" arsa Jack. Sin é an t-ainm a bhí air. "Cer bhfearr leat corruigheacht ar leacracha dearga no dul go sceanna glasa mór osnachaí a céile", arsa an fathach. "B'fhearr liom corruigheacht ar leacracha dearga", arsa Jack. Nuair siad greim ar a chéile ní greim bog acht greim cruaidh agus thosuigh siad ag corruigheacht. Bhí siad ó corr go corr no go raibh an grian ag dul síos. Chuimhnigh Jack ar féin annsin nach raibh fear a shíntí ná a chaointí. Thug sé fásgadh don fhathach(continues on next page)
- Collector
- Padhraig Ó Gionnáin
- Gender
- Male
- Address
- Shrule, Co. Mayo
- Informant
- Tomás Ó Conálta
- Gender
- Male
- Address
- Gorteens, Co. Mayo