Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Longbhriseadh - An Glencoy ó Chill an Dísirt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tighe tabhairne abí inaice an chalaidh agus nuair a bhiodar ag ól ann do chonnaiceadar an "Glencoy" ar lasadh. Do chuaidh sí tré theine agus doigheadh é i gceann 15 nóimintí. Bhí ualach aoil agus adhmaid ar bhord an bháid agus do bhrostuigh sin an sgrois. Níor díoladh aon árachas as an mbád agus ní fuair na sealbhathóir aon cúiteamh choidhche uirthí.
    Ni'l fhios ag éinne go cinnte connus a chuaidh sí tre theine. Bhí cúigear taistilidhthe ar bhórd as teacht ó Luimnigh. Do cheap daoine gurbh iad fad abhí cionntac leis an losgadh mar bhíodar ag caitheamh toitíní ins an Ship. (?)
    Bhí banaltra i gCill-an-Dísirt darbh ainm Bean Uí Ceallaigh agus tamall beag roimh an losgadh b'éigin di an t-Sráid d'fhágaint mar gheall ar polatidheacht. (?) Nuair a bhí sí ag dul abhaile go Co. Mhuigheó do thug an "Glencoy" go Luimnigh í cé gur bagaireadh an fuireann gan sin a dhéanamh . Do cheap cuid des na daoine annsan gurbh iad naimhde na banaltra a dhein an gníomh.
    Deir daoine eile gur fhág an fuireann teine ar lasadh nuair do chuaidheadar id dtír agus gurbh í an teine sin abhí ciontac leis an losgadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge