Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)

Suíomh:
Baile Choitín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Caitlín Ní Rignigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Choitín (C.)
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Tionscail, Ceirdeanna agus Gnóthaí Beatha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Siad a cothuigheadh an tig fadó na an feirm, an fiadhach agus an iascaireacht. Geibidís prataí cruitneacht agus bainne ón feirm. Geibidís baill eadaig ó croiceeann na beitig a gebidís nuair a bidís ag fiadac, agus geibidís iasc ón iascaireacht.
    Teigidís ag fiadhach ar capaill agus bíodh gadhair móa treana acu cun an sionnaig do rúagad amac agus nuair a cíodh na madraí eile iad téígheadh siad go mear ar a toir, agus annsan ní mór des na sealgairí eile dul leis, agus téigheadh in a n-diad ar cos in airde. Da beirtí ar ainmide annsan usaidtí an feóil mar baidh agus an croiceann mar báill éadaig. 'S iad na daoine saidhbhir is mó a théigheann ag seilg fé latair agus is cun sport a teigeann siad-san. Is deas an rud abeith ag féachaint orta agus iad ullamh cun an seilg. Bionn cotaí dearga nó dubha orta, brístí bána bróga dubha árda, h-ataí árda, agus laimhíní buidhe orta. Bionn maighistir na gcon í dtosac an fhiadaig agus tugann sé an tosac dóibh agus annsan stadann an fiad (?) gadair ag amhaitraig (?) agus téigheann siad ag fiadhac.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge