Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá difríocht mór idir tighthe na sean-aimsire agus na tighthe a togtar fé láthair. Tighthe beaga agus cinn tighe nó adhmad abhíodh ortha, agus ní bhíod aon fhuineóg ar cúl an tighe acht bhíod dhá nó a trí de fuineóga ar agaidh an tighe. I gcuid des na tighthe ní bhíodh acht seomra amáin agus bhíodh ar an líon tighe ithe agus do codhladh insan seómra san. Ní bhíodh aon gloine ins na fuinneóga már bhítí ró dhaor cun e do cheannach agus ní raibh eolus ag feirmhór na ndaoine ar gloine fé'n am san. Dá bhrígh sin is píosa eadaig nó tuir aitinn na adhmad, no croiceann caorach abhíodh ins na fuinneóga in ionad gloine chun an soluis do leogaint isteach.Doras agus leath abhíodh ionnta acht ní fheictí aon dorus cúl in aon ceann acu. Bhíodh teine i gcoinnibh na phinúira agus bhíodh íarta taobh leis an dteine cun rudaí do cur ar an íárta nuair abhídís beirithé. Bhíodh croch ar crochadh den bfalla cun potaí do chrochadh de cun iad do bheiriú. Deánamh - ceárnógach abhíodh ar an t-simné cun an deataigh do leogaint amach. Uaireannta tógadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Eibhlís Ní Breathnach
- Inscne
- Baineann