Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biodh trí béílí bídh sa lá ag na daoine fadó. Gheibhidís an ceud béíle tímcheall a naoi a clog ar maidin, an dinnéár ar a dhó a clog sa tráthnóna, agus an suúipéir ar a deich a clog san oidhche. Ba gnáthach leo a gcuid oibre a dhéanamh roimis an ceud béíle. Bíódh arbair buidhe agus é beirbhithe achu cun an bhrichfásta, prátaí, bainne ramhair agus éisch cun an dinnéir, agus bhíodh prátaí cun an súipéir achu leis. Óltaí alán bainne sa t-sean aimsir, i.e. Bainne ramhair, nua, agus bláthach. Bhíodh an mbórd i lár an úrlár nó taobh leis an falla nuair abheadh béile ar siubhal, agus nuair ná beadh aon béile ar siubhal crochaidís an bórd leis an rachta. Do bheadh trí saghasanna aráin achu, aráin déanta de cruithneachtain agus lionn-dubh, arán déanta de eornain, agus arán déanta de coirce dubh agus bhí an arán sin cómh dubh le gual. Is annamh abhíodh feóíl acha. Acht nuair a gheibheadh bó aosta bás cuirtí salainn uirthi agus annsan bhíodh feóíl guirt acha. Ithtí alan éisc fadó, mar bhí sé níos flúirsighe ag an uair sin ná(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Bríghid Ní Laoingrg
- Inscne
- Baineann