Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)

Suíomh:
Baile Choitín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Caitlín Ní Rignigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Choitín (C.)
  2. XML Leathanach 081
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar Geal
    Mar gheall ar thobar geal doimhin atá ann agus uisge geal úr atá le fagháil ann.

    Baile Coitín
    Deirtear gur mhair Naomh darbh ainm Naomh Cota ar an oileán beag uaigneac atá míle nó mar sin ón gcaladh agus gur ainmnigheadh an ait ina diaidh.
    Uaireannta eile deireann na sean daoine go raibh alán báidíní beaga ag na h-iasgairí. Tugtar an ainm "Coite" ortha agus deirtear gurbh é sin an fáth go dtugtar an ainm sin ar an ait.

    Páirc na Mona
    Deirtear gur tugadh an ainm sin uirthi mar gheall ar an méid móna a fuarthas ann bliadhanta ó shoin.

    Tobar na Spride
    Deirtear gur chroch fear é féin díreac ós cionn an tobair agus gur chonnachthas a spiorad ann go gairid in a dhiaidh sin.

    Páirc na Cró Bainne
    Mar bhéathuightear bó bainne ann agus bíonn síad a déanamh na cuigne in aice an ait.

    Páirc an Coiréil
    Oibrightear coréil cloc aol in aice na páirce.

    Páirc an Thobair
    Mar bhí tobar len a ais.

    Páirc Árd
    Mar tá árdáin ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge