Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)

Suíomh:
Baile Choitín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Caitlín Ní Rignigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Choitín (C.)
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Piseogacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is mó piseóga atá ag muinntir na h-áite seo go mor mhor ag na sean daoine, i dtaobh rudaí áirithe a thuiteann amach. Deirtear go mbeadh mí-adh ar an té a brisfeadh scathán ar feadh seacht blíana, agus deirtear go mbeadh mí-adh ar an leanbh a béarfaí ar Domhnac Cingchise no Lúan Cingchíse.
    Creideann daoine go bfaighadh duine den lín tighe bás dá dtiochfadh éan ag buaileadh a sgíathán i gcoinnibh na bhfuinneóga. Dá ndéanfadh taibhreamh do dhuine i dtaobh duine tinn agus dá mbeadh an duine slán san taidhbhreamh deirtear go mbeadh an duine ag faghail bháis. Deirtear dá gcuirfeá do lámh ar dhuine marbh ná beadh tú ag cuimhneamh air. Deireann na sean daoine agus creideann síad é má cuirtear bróg ar an mbórd gur tuair troda é no dá dhortfaí salann ar an mbórd deirtear go mbeadh troid ann leis.
    Deirtear dá mbeadh an cat ag nighe a agaidh go mbeadh duine ag teacht go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge