Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “Currach Mór”
  4. XML “Baile an tSeipéil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní raibh aoinne san dtigh aici ach í féin, agus bhí páirc amháin aici taobh thiar de'n dtigh, agus bhí an pháirc lán d'elistrim.
    Do bhí an bhean 'na sideóga, agus gach maidin ar a ceathar a chlog, do théigheadh sí amach 'san bpáirc agus do phriocadh sí na h-elestrim.
    Annsan dheineadh sí bád asta, agus do théigheadh sí amach 'san bfairrge ag bádóireacht annon is anall, agus gach tráthnóna ar a cúig a chlog brisfeadh an bád, agus bhíodh sé d'fiochaib uirthe dul abhaile ar an uisge, agus gach uair bhíodh sí sábhálta.
    Tráthnona amháin ámh do chailleadh í 'san bfairrge, agus níor chualathas trácht uirthe ó shoin i leith.
    Scríobhnóir: Eibhlín Ní Mhurchadha, Currach Mor
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is í Baile an tSeipéil mó áit dhúthchais agus tá Seipéil ann agus sin é an fáth gur thugad an ainm sin ar an mbaile agus Seipéil Naomh Dhererca an ainm atá ar an Seipéilín.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Caol, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caol, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Oibrí iarnróid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Caol, Co. Chiarraí