Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceanntar san oileán seo is eadh Teinnibh. Is í mo aít dhúthchais féin. De réir na sean daoine 'sé an fáth go bhfuair sí a ainm, ná go mbíodh na sean págánaig ag tabhairt onóra do thá theine.Do bhíodh ceann aca i mbárr na dTeinne i lios eíginn atá ann fe'n gcnoc; do bhíodh an cheann eile ar Charraig na Teine atá geárraithe ó'n dtalamh ag Góilín Dairbhre, acht is é Carraig Tinne a tugtar air anois phé cúis é.Bhíodh siad ag lasadh go breágh soiléar gach Satharn Cásca. Go haírithe tháinig an Satharn seo agus do lasadh an teine cois leasa; d'fágadar annsan é agus chuadar go Carraig na Teine, cun an rud céadna do dhéanamh ann.Le na linn sin chuaidh fear cois teine na leasa, agus thuit sé na chodladh ann; d'fan sé ann i rith na h-oidhche. I rith na h-ama céadna bí a dhaoine á cuardach. Sa deire fuaireadar é nach mór dóighte cois teine. Rugadar abhaile é agus tar éis tamall a caitheamh mar sin gan caint gan anam fuair sé bás. Annsan dúbhairt na daoine gur leó an teine gur ceart an rud é do curtha inaice le Nór-na-Nual, chun a thasbáint do gach aoine gurab droch dhuine é.Níl aon fotharaig d'aon tábhacht ann acht Nór na Nual, agus tá sé i mbéalaibh na ndaoine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Sorca Ní Chúipeir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí