Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 075
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Geochán, agus an lá ag breacadh agus chuireadar annsan é, agus bhí an t-ór i líne díreach leis an long a bhí sa chuan agus an Sgeilg.Nuair a chuadar airís chun é d'feiscint fuaireadar amach go raibh an long imthighthe, agus ní rabhadar ábalta ar é do dheanamh amach, agus is dócha go bhfuil sé ann fós. B'é sin an rud cheart a thárla dóibh mar throideadar nuair a bhí sé acu.Sgéalaidhe:- Muiris Ó Conchubhar, Currach Mór
- Bhí bean na cómhnaidhe i bFíadhach Meadhon uair amháin agus bhí taidhreamh aice oidhche amháín go raibh ciste óir i bfolach i gcnoc Baile na Mánach. Dúbhairt sí lena mac dul go dtí an áit le cómharsa eile, acht níór chuaidh siad mar ní raibh fhios acu cá raibh an áit.
Dúbhairt sí go raibh trí comharthaí aice féin ar an áit, go gcídhfá trí cuanta uaidh, an áit a sheasann an buadhsaín agus go raibh trí leath phinghne ar an dtalamh ós a chionn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chúipéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí