Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Capall Maith”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear na chómhnaidhe i gCurrach Beag gheall le seasgadh blian ó shin nú ós a chionn agus fear ana bhocht do beadh é. Bhí sé ag obair ag an Ridire Ciarraidhe agus an págh a thug an Ridire dho taréis na mbliadhna ná capall ana-láidir ar fad.
    Bhí an chapall ag obair ag an befara sa bhaille agus bhí cáil air mór thímpeall toisg a láidireacht. Bhí ráfla curtha amach go raibh an chapall céadhna chun charraig ana-throm ar fad d'iomchur gheall le ceithre céad slataibh Domhnach éigin.
    Do bailing daoine an oileáin go Cnoc Cúil, chun an gaisce d'feiscint, do thosnuig an chapall chun an chloch d'iomchur ó'n bfairrge go barra na gcnoc.
    Bhí an chapall ag Ruth leis an gcarraig mar bhí na daoine á bhúaladh chun é do chur ag rite. Nuair a bhí  an chapall ar bhárr an chnuic, do sgaoileadh é, agus do thosnuig sé ar tith chómh mhear agus dob féídir leis go dtí a thigh féin.
    Do Leigh sé síos i gcuinne na páirce ar feadh an tráthnóna, agus ar feadh na h-oidhche agus bhí na daoine ag féachaint air agus á rádh go gcaillfí é agus nuair a bhí an lá ag breacadha do furir sé bás.

    Eibhlín Ní Mhurachadha
    Currach Mór
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chúil Thiar, Co. Chiarraí