School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 149
  3. XML “Ainmneacha Seanpháirceanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí ainm fé leith ag na sean daoine ar ghach pháirc a bhí sa bhfeirm acu agus cuid de’s na h-aimneacha sin is eadh na cinn seo a leanas.
    Ceann de’s na páirceanna atá againne sa bhaile is eadh “páirc an ghráinsigh” agus deireann na sean daoine go bhfuil an ainm sin ar an bpáirc le fada.
    Páirc garbh is eadh é agus tá mórán fraoigh ag fás air agus tá cosáin ag dul tríd agus deir na sean daoine gur sean bhóthar is eadh é.
    Tá sagas ruda aimhréidh i lár na páirce, agus tá leac ar a bharr. Deireann na sean daoine gur dún is eadh an phíosa aimhréidh san agus go bhfuil cosán fé thalamh ag dul ó’n dún sin go dtí an lios atá i bpáirc a leasa in aice leis agus dún gráinseach a ghlaoidhtí air, agus is ó’n dún fé thalamh sin a fuair an pháirc a ainm.
    Ta páirc eile nách bhfuil ró fhada ó páirc an ghráinsigh agus goirtín na gcrúdhadh an ainm atá air agus fuair sé sin a ainm mar seo.
    Tá an pháirc sin in aice le cnocán agus fadó bhí sráid tithe timcheall na páirce, agus ní raibh ag gach duine ach bó amháin, agus ní raibh aon talamh acu chun na bó do chothú ach chuireadh gach duine a bhó ag inbhear ar thalamh feirmeóra. Gach maidin agus tráthnóna bhíodh sé ar gach fear a bhó do tiomáint abhaile chun í do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Collector
    Eibhlís Ní Loingisgh
    Gender
    Female
    Address
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Informant
    Muiris Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí