Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gála MórNíor chualamair trácht ar aon ghála riamh a bhí chómh h-olc leis an gceann a bhí ann tímpeall ceud blian ó shoin.Sa bhliain 1839 tímpeall ocht mbliadhna naochadh ó shoin bhí stoirm uabhásach ar fad tímpeall an cheanntair seo ar a dtugtar "oidhche an ghála mhóir".Thosnuigh sé ag séideadh ar an séamhadh lá de mí Eanair , agus lean sé ar feadh ocht n-uaire dachadh.Le linn na h-aimsire sin go léir bhí mórán sgriosa deunta. Bhí an ghaoth ag séideadh aniar aindheas, agus do shéid sí gach rud a bhí ar an tslí roimpi. Tar éis tamaill do thóinseáil an ghaoth, agus thosnuigh sí ag séideadh adthuaidh.Ní leigfeadh an eagla do aoinne dul taobh amuigh de dhoras a thíghe féin, mar ní raibh le feiscint 'san aer ach cioth slinnte, agus clocha, agus rudaí mar sin a shéid an ghála ó'n áit 'na rabhadar.Deireann na sean daoine tímpeall an cheanntair seo go raibh an múr caithte ceud slat isteach ó'n bhfairrge, agus go raibh an uisge séidthe suas chomh fada le Baile an tSéipéil.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí