School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0426

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0426

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0426
  3. XML “Hop is Bí Thall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    eile. Sháidh sé suas aris é agus leig sí sraoth eile. Chomh luath is bhí na trí shraoth leigthe aice léim sí féin agus an fear suas ar na rataí san áit a raibh na sidheóga ag fanacht leó. Chomh luath is bhí siad thuas bhí an bhean 'na sídheóig agus d'imthigh siad araon in éinfeacht go ndeachaidh siad go
    h-Éirinn gur fhága siad an fear san mbaile.
    Tháinig fear na gcos dubha isteach agus gan a chuid cosa nighte aige. D'fhiafruigh a mhuinntir dho cé an fáth nach raibh a chuid cosa nighte aige.
    Nach cuma dhíbh" adeir sé," agus chuaidh sé a chodhladh.
    Bhí go maith annsin go dtí oidche lá ar na bháireach. Cuireadh amach arís é ag nigheachán a cosa. Chuaidh na sidheoga thart arís agus d'imthigh sé in éinfheacht leo ar marcaidheacht ar an mbulán. Ní raibh aon chead aige an turas seo aon fhocal a labhairt. D'imthigh leó go dtáinig siad go dtí abhainn mhór leathan. Sheas an bulán annsin dubhairt chuile dhuine de na sidheoga leis an mbulán, "hop, is bí tháll!" Dubhairt an fear annsin "hop, is bí tháll, is maith an léim buláin í!" Chomh luath is dubhairt an fear é thuit sé ar bhruach na h-abhann agus b'éigin do féin a dhul abhaile ag siubhal. D'imthigh an bulán agus ní fhaca fear na [na} gcosa dubha uaidh sin amach é. Sin é a raibh ag an bhfear de bhárr na sídheógaí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Tuairaisg
    Gender
    Male
    Address
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe