Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0455

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0455
  3. XML “An Dá Cheannaí agus Bua na Fírinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Dá Cheannaidhe agus Buadh na Fírinne
    Aon uair amháin bhí dhá cheannaidhe ann agus bhí cúig phunta dhéag ag 'chaon nduine acub agus aon lá amháin thosaigh siad ag sáraidheacht ar a chéile duine acab a rádh go mb'fhearr an fhírinne agus an ceann eile ag rádh go mb'fhearr a' bhréag. Ach faoi dheireadh chuir siad chúig phunt le chéile agus an chúis fhágáil ag an gcéad duine chasfaidhe dhóibh. Táiniceadar suas ar an margadh sin.
    Bhíodar a' siubhal leób nó gur casadh fear dóibh agus d'fhiafruigheadar dhó cé mb'fhearr an fhírinne ná an bhréag. Dubht an fear leob go mb'fhearr an bhréag. Annsin bhí a chúig phunt caillte ag ceannaidhe na fírinne. Mar sin féin chuir se cúig phunt eile le ceannaidhe na mbréag agus adubht:- fágfa mé ar bhreitheamhnas an chéad duine eile chasfas dúinn é; cuirfidh mé féin an cheist air. Bhí ceannaidhe na mbréag sásta. Níor bh'fhada gur chas fear dóibh agus d'fhiafruigh C. na F. dhó cé mb'fhearr an fhírinne nó an bhréag. - Is fearr a' bhréag, a deir a fear. Agus b'sin £5 eile caillte ag C. na F. Ach chuir sé na £5 deireannach a bhí aige thíos nó thuas agus dubht go bhféadfadh ceannaidhe na mbréag an cheist do chur an uair seo. Bhíodar sásta.
    Ba ghearr gur chas fear uasal dóibh. Agus ní raibh ceapadh ar bith ach C. na F. nach mbeadh leis an uair seo. Ach mo lean, sé an freagra céadhna a fuair sé ó'n duine seo agus a fuair ó'n mbeirt eile. Bhí croidhe Ch. na F. beagnach briste taréis a £15 a chailleadh ach ba chuma leis. (!!) Dar fiaidh dubht sé le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic 'Ac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. Galway