Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0448
  3. XML “Na Seireadánaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Triúr dreáir a bhí i gCúntae an Chláir agus bhíodar an-tsaidhbhir gun tsaoghal, agus 'séard do bhí ionnta trí chlabhta. Dubht. an maor le duine acub pósadh. Phós Tadhg annsin an ceann ba shine. Chuir bean Thaidhg aus an maor iallach ar Liam, a' dara mac, pósadh. Chuir bean Thaidhg agus bean Liam iallach ar Dhomhnall pósadh. Nuair a bhí an triúr pósta annsin gealladh seacht gcéad punt go phéibith bean is mó dhéanfadh pleidhce dhá fear féin.
    D'imthigh le bean Thaidhg annsin agus bhlaoidh sí ar a fear féin abhaile go dtí na muinntir féin ar cuairt. Dubht. sí annsin le na muinntir feóil ghuirt a thabht dó le n-ithe. Bhuail tart annsin é, agus dubht sé leób fuisce thóirt dó, gur thuit sé ar meisge. Nuair a bhí a dóithín (dhóin) gun fuisge ólt' aige "croc" sí léithi é agus thuit sé ar chlais a' bhóthair (vóir). Bhí sé gun mothú annsin ar a' mbó:ar agus bhí sí féin 'na seasa 'breathnú air.
    Tháinic fear siubhail agus d'iarr sé déirc uirthi. "Níl aon déirce agam duit," adeir sí, "ach bain díot," adeir sí, "an culaith éadaigh sin ort agus cuirfe tú ort an culaith éadaigh (cul'éada) tá ar a' bhfear seo, mar beidh sí millte aige, agus cuir do chulaith féin air ar fhaitchíos go bhfuigheadh sé bás leis a' bhfuacht."
    Bhí culaith 'n bhacaigh ar Thadhg annsin agus na málaí bhí ar a' mbacach. D'imthigh leis an mbacach in a bealach agus d'imthigh leis a' mbean abhaile.
    Nuair a bhí an bhean imthighthe abhaile go dtí na teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Finneadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe