Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0241
- XML “Rí Alban agus Iníon Rí an Domhain Thiar”
- XML “An Deargadaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhlas dóibh mar gheall ar uisge Thobar na Buaidheartha a bheith curtha orra.
Nuair nach bhfaca an rí aon cheó ag eirighe dhóib chuaidh sé féin síos ach aníos níor tháinig sé mar bhí sé sgállta. Nuair a chonnaic Inghean Rí an Domhain Thiar an cleas a bhí déanta bhí ríméad mhór uirthi agus phós sí féin agus an giolla a chéile agus bhí áit an rí aca as sin amach. - Bhí fear fadó ann agus bhí sé ag 'uil an bóthar lá agus é sgrúdtha ("sgrútaí") ag a' tart. Chas fear dhó agus dubhairt leis a theacht isteach chuig an teach ósta go mbeadh pionnta acu. -Ní ghabhfa mé, adeir sé, mar tá an geall orm. -Ara teara uait, adeir an fear, nach cuma dhuit céard a dhéanfas geal nó geall? Isteach le mo dhuine bocht agus gan mórán dhá fhonn (fhún) air. Leagadh anuas pionnta chuige agus bhí sé ag 'uil 'ghá ól nuair a chonnaic sé an deargadaol thíos ann. Leag sé an pionnta ar an mbord agus amach leis agus níor ól sé aon deóir arís go neachaidh sé i dtalamh.
- Bailitheoir
- Pádraic Ó Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe