Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0419

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0419

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0419
  3. XML “Páidín agus an Diabhal”
  4. XML “An Táilliúr agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar a dhruim é nó gur casadh isteach go dtí táilliúr é. D'fhiafruigh P. do'n t. an bhfuaighfeadh sé a mhála agus gach a raibh ann. " 'Mhanam go bhfuaghóchadh," adeir an táilliúr.
    Thosuigh sé ag fuagháil agus thosaigh an d-l ag sgreadach agus nuair a bhí Páidín sásta leig sé an d-l as an áit a raibh an táilliúr ghá chradhadh. Gheall an d-l rud ar bith do Ph. ach é leigean saor. "Bhuel," adeir P., "Caithfe muid a dhul suas ar an gcnoc seo." Agus céard a bhí ann ach áit a raibh coiléar mór a mbainthí clocha ann. Ní dearna Páidín ach an d-l a chaith' síos le fánaidh an chnuic agus é fhágáil mar sin. Agus buaileann P. abhaile aríst agus a chroidhe lán le bród agus bhí ag déanamh a chuid gaibhneachta as sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. i bhfad leis. - Tiocfa tú chuig a' teach amáireach chugam, adeir an S., agus tiúbhra mé faoistean dhuit.
    Tháinic sé lá'r na mháireach, agus bhí an S.P. ag spaisteoireacht amach ar an mbóthar. Chas an S.P. agus an táilliúr dá chéile agus shiubhail siad in éinfeacht annsin. Ní raibh siad i bhfad ag siubhal gur casadh abhainn dóibh. Dubht. an táilliúr leis an S.P. - Gabh thusa ar mo dhruim-sa ní bheidh fliuch againn ach duine. Chuaidh an sagart ar dhruim an táilliúra. Nuair bhí sé amuigh i lár na h-abhann d'iarr an táilliúr faoistean ar an sagart. - Ó fan go rachaidh muid ar an talamh tirm, adeir an S.P. - Ní fhanfa mé, adeir an T. Bhíodar féin ag sárú a chéile nó gur dhubhairt an S.P. leis an táilliúr - Tá an bháillséire ort! - Ní i bhfad a bhéas, adeir an T. Chaith sé an S.P. anuas ins an abhainn agus fliuchadh go maith é. D'imthigh an T. abhaile.
    Ag dul abhaile do'n T. chas táilliúr eile dhó - ní íosfa tú aon ghreim go deó, adeir sé leis, mar gheall ar an mbail a chuir tú ar an sagart. - Cuirfidh mé chúig phúnt leat gur túisge thiubhras sé mo bhéilidhe dhomsa amáireach ná dhuit-se.
    D'imthigh na táilliúirí lár na mháireach agus sheasadar amach ar aghaidh doras a' tsagairt. -Breathnuigh amuigh mo dhuine, adeir an S. leis an gcailín. Blaoidh isteach air. Tháinig an T. isteach agus dubht. sé - Is breagh an barra óir a fuair mé sa gcladach indé, nuair d'imthigh tú uaim. - Ná cainntigh, go deó air, adeir an sagart. - Ní chainnteóchaidh. - Tabhair béilidhe maith anois dhó adeir an S. leis an gcailín. Nuair bhí a bhéile ithte aige dubht. an S.P. leis: Gabh ar do ghlúine anois agus tiubhra mé faoistean duit. Chuir sé trí thuras air go Cruach Phádraig. (An chuid eile de'n sgéal mar atá in "Turas na Cruaiche" leathanach 43, sa leabhar seo.)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micil 'ac Confhaola
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Púirín, Co. na Gaillimhe