Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0284
- XML “An tOileán Draíochta”
- XML “An tOileán Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chonnaic bádóir é fadó deirtear. Bhí an-eolas aige seo ar bhádóireacht. Is air an bhfarraige a chaitheadh sé a shaogal ag iascach. Bhí sé lá agus é ag ceangal an tseóil nuair a chonnaic sé an t-oileán. Thug sé leath-bhord i dtreó an oileáin agus shíl sé píosa iarainn a chaitheamh air, ach níor eirigh leis. Chaith sé an píosa ach níor eirigh leis an píosa a chur ar an oileán. Chaith sé ró-uathbhásach é agus thuit an píosa san uisge. D'imthigh an t-oileán as a radharc ar an bpoinnte.
- Bhí fear ag iascach lá amuigh i gCuan na Gaillimhe. Shíl sé go raibh breac ar a dhubhán aige mar d'airigh sé an meadhchan ag teacht ar an dorugha. Tharraing sé isteach é. Agus céard do bhí aige ach píosa de chrann caorthan agus é faoi bhilleóga glasa agus caora dearga? Thug sé leis sa mbád abhaile é agus nuair a theasbáin sé do'n sean-dream é dubhairt siad gur bh'fhíor [go mba fíor] faoi'n oileán draoidheachta.
- Bailitheoir
- Pádraic Ó Cearra
- Inscne
- Fireann