Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí táilliúr ann fadó agus áit ar bith mbíodh bás bhíodh ann agus é ag déanamh spóirt agus cleasanna. Níor thaithn sin leis an sagart parráiste agus dubht. an s.p. leis gan dul ar aon tórramh níos mó. - Déanfa sin, ars an táilliúr; ní rachaidh mé.
Ní achar fada gur cailleadh sean bhean ar an mbaile. Bhí na daoine cruinnighthe ar a' tórramh agus bhiodar ag faireadh ar an táilliúr. Fuair an táilliúir gabhar agus bhain sé barr an dá adhairc dhó agus chuir sé coinneal 'chaon adhairc leis. Thug sé leis an gabhar annsin amach i lár na h-oidhche agus bhuail sé doras an tighe a raibh an tórramh ann. h-Osgluigheadh an doras annsin agus bhrúigh sé isteach an gabhar i lár an tighe. Rith na daoine uilig agus níor fhan acu ach an corp. Tháinic an táilliúr isteach agus thug amach an corp ar a dhruim. Thug sé leis í go dtí teach siopa a mbíodh sí ag déighleáil ann. Chuir sé 'na seasamh leis an doras í agus d'imthigh sé féin abhaile. D'eirigh fear a' tsiopa agus d'osgail sé an doras agus thuit an corp aige isteach. - Ó, adeir sé, tá sí caillte! Tharraing sé isteach annsin í go maidin.
Ar maidin bhí an sgéal amuigh go raibh an corp imthighthe. Chuaidh an táilliúr go dtí an sagart agus d'fhiafruigh sé dhó an raibh fhios aige an sgéal sin. - Dá leigtheá mise ar an tórramh ní bheadh an corp imthighthe, ar seisean. - Tiubhra mé chúig phúnt d'fhear ar bith gheobhfas é, adeir an S.P. D'imthigh an táilliúr annsin go dtí an teach a raibh an corp ann, mar bhí 'fhios aige go maith cé bhfuigeadh sé é. Thug sé an corp go dtí an sagart. Tabhair leat anois é agus cuir é, adeir an sagart. -D'imthigh an táilliúr agus chuir an corp agus ní raibh sé- Faisnéiseoir
- Micil 'ac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Púirín, Co. na Gaillimhe