School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0276

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0276

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0276
  3. XML “An tOileán Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gach aon tseachtmhadh bliadhain feictear lóchrann iongantach amuigh i gcuan na Gaillimhe. Tá sé ráidhte ó'n tsean-chaint gurab shin solus atá ar oileán agus Oidhche Chinn an Dá lá Dhéag a feictear é. Deirtear gurab iondúil gurab oidhche gharbh a feictear é agus dá gcaithfidhe splannc nó píosa iarainn air go n-imtheóchadh an draoidheacht uaidh agus go mbeadh an píosa talamhna le feiceál i gcomhnaidhe. Chualaidh mé m'athair a'rádh go ndeachaidh a athair féin agus a dhearbhráthair síos oidhche ar an dúirling ag cur a gcuid currachaí amach le dhul go dtí é agus gur imthigh an solus ar an bpuinnte. Chualadh mé freisin go raibh caiptín ag dul an bealach i mbád seóil agus go raibh sé ag cloisteáil i na cainnte ag na daoine. Bhí sé ag imtheacht i gcomhnaidhe nó gur tháinic sé go dtí an áit ar cheap sé an t-oileán a bheith ach níor chuala agus ní fhaca sé ach lom-chlár na fairrge móire.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway