School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0428

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0428

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0428
  3. XML “Hop is Bí Thall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear fadó ann agus bhí mac aige. Chuile mhaidin le h-eirighe na gréine d'éirigheadh an t-athair go moch agus d'fhiafruigheadh an mac dhó cá raibh sé ag dul. Deireadh an t-athair go mbíodh sé ag dul i n-éanacht le na daoine maithe. Aon mhaidin amháin dubhairt an mac leis an athair:- "Meastú an bhféadfa mé a theacht i n-éinfeacht leat indiu?" "Cinnte féadfa," adubhairt an t-athair, "ach ar t-anam ná labhair nuair a thiocfas muid chomh fada leó." D'imthigh leo agus ba ghearr go bhfaca siad ag teacht iad. Mo chomhairle dhuit anois arís" arsa an t-athair, "ná labhair nó má labhrainn tú is ort fhéin a bhéas an locht."
    Bhí na daoine maithe ag teacht 'na sluaighthe agus bulán ag gach duine acu. Bhí an mac ag déanamh an-ionghantas díobh, ach má bhí fhéin níor labhair sé, mar chuimhnigh sé ar chomhrádh an athar. Tugadh bulán do'n athair agus tugadh ceann eile do'n mhac. D'éirigh an t-athair de léim agus chuaidh sé ar marcuigheacht ar an mbulán. Rinne an mac an cleas céadna agus sguab leó. Bhí na daoine maithe 'un tosuigh, an t-athair na ndiaidh agus an mac un deireadh. Bhíodar píosa maith ag imtheacht, agus chas claise mór dóibh. Bhí an claise seo an-leathan agus an-domhainn. Chaith gach bulán í agus nuair a tháinig a bhulán fhéin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Flaitheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway