School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0298
  3. XML “Ridire na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí féilméar ann fadó agus ní raibh aige acht aon mhac amháin agus bhí an-chion aige air. Aon oidhche amháin buaileadh an doras agus iad 'na suidhe i gciúis na teineadh. D'eirigh an feilméar agus d'osgail sé an doras. Tháinig gaisgidheach mór isteach agus culaith faisionta air. D'iarr sé lóistín na h-oidhche air. Dubhairt an feilméar go dtiubhradh agus fáilte. "Anois," a dubhairt an gaisgidheach, "tá aon fhear déag eile in éindigh liom a' bhféadfá lóistín na h-oidhche a thabhairt dúinn go léir."
    "Is suarach liom mar tá sé agam le t-aghaidh acht má tú sásta níl aon doicheall romhaibh." Tháinig siad isteach agus thug an feilméar beilidhe dhóibh. Chuadadar a chodhladh go léir. Ní leis an ngaisgidheach do b'fhaillighe é; bhí sé na shuidhe le giolcadh na fuiseoige. Fuair siad breacfasta agus tar éis an bhreicfasta, dubhairt an gaisgidheach le na chuid fear píosa clis a dhéanamh agus a leithéide de ghníomhartha ní fhaca aon duine riamh. "Níor b'fhearr liom ná chuid mhaith dá mbeadh mo mhac i ndon na clis sin a dhéanamh," adubht. an feilméar.
    "Má leigeann tú liom-sa é go ceann lae agus bliadhna" adeir an ridire, "beidh sé comh maith le duine ar bith de
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    11
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway
    Informant
    Pádraig ac Thuathaláin
    Gender
    Male
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway
    Informant
    Seán Seosamh Ó Cúláin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway