School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bádóirín Thír 'n Fhiaidh
Maitiú Ó Donnchadha (20 bl.) do sholathruigh. Chuala Maitiú ó n-a athair, Máirtín Tom Uí Dhonnchadha, Baile na mBroghach é. Tá Máirtín os cionn trí sgór is deich de bhliadhanta. Duine an deagh-labhartha é 7 tá an-chuimse mion t-seanchais aige. Chaith sé sgathamh i Meiriocá in óige. Tá pian i mbéal mo chléibh a chuirfeadh na céadta fear 'un báis,
Sé is dóigh liom a stór go gceapfá sa
Gur saigheada searc a' grádh
Nach trua mé anois ag sgaramhaint leat
Ag teacht na huaire breagh
Le linn an chuach ag seinm
Is gach duilleabhar glas ag fásII
Is é mo léan nár éag mé
'S mé go hóg i dtús mo shaoghail;
Nár rinneadh contra chaol dom
Is mé 'chur go domhainn i gcill,
Sul ma chonnaic me dá bhréagadh é
Ag bean eile le mo thaobh,
Agus mise bheith dá éagmuis
A Dhia gléigeal nach é'n tslighe!(continues on next page)- Collector
- Maitiú Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Informant
- Máirtín Tom Uí Dhonnchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na mBrobhach, Co. Galway