School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i gConamara fadó dár b'ainm Mícheál Ó Mainnín. Más fíor nó bréag é deirtear go mbíodh sé ag imtheacht in éindigh le na daoine maithe. An oidhche áithrid seo tháinig siad fána dhéin. Bhí ortha a ghabháil anonn go Co. an Chláir agus badh mhaith leo Mícheál a thabhairt leó. Bhí sluagh mór acu ann agus bhí deis marcaidheachta ag gach duine acu. Acht séard a bhí le haghaidh Mhíchil acu, bullán, Thug siad gach ordú dhó dá raibh riachtanach sula d'fhága sé an teach, ach ar chraiceann a chluaise gan aon fhocal a labhairt nó go mbeadh sé ar ais sa mbaile arís.
D'imthigheadar leó thar cnuic agus thar gleannta nó gur shroicheadar bruach na Sionainne. Chuaidh gach duine acu thar an Sionainn de léim agus bullán Mhichíl chomh maith le ceann ar bith acu. Chuir an léim an oiread iongnaidh ar Mhícheál agus go ndearna dearmadh ar an ordú. Leig sé béic agus dubhairt sé, 'Is maith an léim gamhna í sin!' Caitheadh anuas de thuairt faoin talamh é. Nuair a d'éirigh sé ní raibh duine ná beithidheach le feiceáil aige acht é féin. B'éigin dó siubhal abhaile go Conamara, cibé achar a bhí sé ar an mbealach.