School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0424

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0424

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0424
  3. XML “Hop is Bí Thall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Hop is Bí Thall.
    Pádhraic Ó Tuairaisc.
    Ó M'athair a chualas an scéal seo. Pádrhaic Ó Tuairaisc.
    Bhí fear fadó ann agus níor nigh sé aon cois ariamh. OÍCHE amháin cuireadh amach é ag nícheachán a chuid cosa. Chuaidh na sidheóga thart agus d'fhiaftaigh siad dó céard a bhí sé a dhéanamh. Dubhairt sé gur ag iarraidh a bheith ag nigheachán a cosa a bhí sé agus gan é i NDON mar nár nigh sé aon chos ariamh.
    "Teara in éinfeacht linn-ne." adeir siad. "Agus tiubharfadh muid go Sapana thú."
    "Tiocfad a mh'anam" a deir sé.
    "Gabh ar marcaideacht ar an mbulán seo mar sin." adeir na sídheóga.
    Chuaidh sé ar marcaidheacht ar mbulán agus d'imigh siad go Sapana. "Istigh anois" adeir na sídheóga. "Gabh isteach san teach sin anois tá bean istigh ann agus caithfidh tí í fhágáil dúinnne SUL má thiubharfas tú leat í caithfidh tí trí SHRAOITH a bhaint aiste.
    Thug an fear leis sop agus chuaidh sé isteach. Chonnaic sé an bean istigh ann agus chuaidh se le na taobh gan aon duine gá feiceáil. Sháth sé an sop suas in a srón agus leig sí sraoth. Shath sé an sop suas arís agus leig sí sraoth
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Tuairaisg
    Gender
    Male
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway