School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acu ach sé fear beag bídeach. Ní raibh acu ach lompaire. Is gearr go bhfaca sé páirc eile 's í lán go caoire bána agus aon chaora amháin dubh. Bhí na caoire bána ag ithe agus chuile chaora a bhíodh ag ithe bhíodh an chaora dhubh ag tigheacht agus í a bhualadh buille ortha. Is gearr go ndeacha na beithigh thar amach trí abhainn treasna (bhí an ceól 'na gcuid adharc i gcomhnaidhe) agus bhí arán agus feóil agus iasc agus 'chuile chineál beatha 'g 'uil le fánaidh na habhann, agus páirtí maoildearg' ag iarraidh breith ar cuide go'n beatha sin agus bheith ghá alpú.
Chuadar (an fear agus na beithigh) isteach i dteampall annsin agus léigheadh aifreann dóibh. Nuair a bhí an t-aifreann thart bhí bairrilí thíor i dtóin an teampaill agus na beithigh mar a bheadh triosg le nithe iontab.
Chuaidh ne beithigh abhaile trathnóna agus bhí fhios ag fear ba mbeithidheach go ndearna driotháir na mná a ghraithe ceart. Bhí an ceól 'na gcuid adharca agus mil a bligheadh uathab.
Tháinic fear na drifire.- "A' bhfaca tú an crann a raibh na h-ubhlaí air"?
"Chonnaiceas" adeir sé.
"A'bhfaca tú an t-ubhla mór"? Sin é, adeir an cliamhain ubhall na h-aithne.
-A'bhfaca tú an pháirc a raibh na caiple caithte agus fear maith seab?
-Chonnaiceas, adeir sé.(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Informant
- Eamonn Ó Finneadha
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway