School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a bhí ann a mharbhuigh cailleach agus chuaidh chuig faoistin. Sagart coimhthigheach a bhí ann agus sé'n bhreitheamhnas aithrighe chuir an sagat air ritheacht cos-nochtuighthe- trí cloch-mhóin a bhí gróigthe tirm i ngoigíní. Bhí an mhóin géar agus ghearr sí a chosa. Rinne an fear dán beag annsin ag casaoid ar an sagart:-Breitheamhnas aithrighe an tsagairt choimhthighigh (chuíoch)
Mé chuir cos-nochtuighthe thríd an móin;
Ach ba mhaith an aithrighe i mbás na caillighe
Lán mo phaidrín uair nó dhó.
Oineach Uí bhriain 's a dhá súil 'na dhiaidh. .1. Is mór leis a dtiubhra sé uaidh, nuair thiubhras.
'Sé an biadh agus an sruth fola é. .1. Rud a bhfuighfidhe go leór tonnáiste ghá fhagháil. 2. Rud a gheobhfá ó dhuine agus é saothruighthe agus do-shaothraighthe agat agus a mbadh deacair é fhagháil uaidh,-Se'n biadh 'sa sruth fola aige é, tá sé chomh cruaidh cinnte sin faoi.- Informant
- Maitiú Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na mBrobhach, Co. Galway