School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine aca, "bhfhéidir nach bhfuil tú dhá iompughadh ceart," d'iompuigh sé amach é agus bhuail sé ar an mbord é, acht ní raibh aon maith dhó ann. Chuir an t-óstóir fios ar na Gárdaí agus chaitheadh isteach i bpríosún iad. Liam Ó Fatharta d'aithsgríobh
- Tá cloich ar an mbaile seo - againn-ne agus 'sé an t-ainm a tugtar uirthi "Cloch na h-Easóige." Bhíodh neadracha déanta fúithe ag easógaí. Bhí fear 'na chomhnaidhe ar an mbaile san am chéadna ar a dtugaidís Micil Mór. Bhí faitchíos a chroidhe ar an bhfear seo go síolróchaidís agus nach bhfágfaidís cearc ná lacha ar an mbaile. Chuaidh sé suas tráthnóna amháin nó gur chuir sé ceann amháin amach ó'n gcloich agus mharbhuigh sé í. D'imthigh sé abhaile annsin ach lean ceann de na sean-easógaí anuas é.
Chuaidh sí isteach sa teach go dtí é agus shíl sí é mharbhughadh ach bhí mada maith aige agus thiomáin sé amach í. San oidhche lá'r na bháireach tháinic an easóg arís agus níor fhág sí ceann de'n ál éanacha géabha a bhí sa teach nár mharbhuigh sí.- Collector
- Colm Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway