School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé amuigh ins an gcrann aice sul d'éirigh an ridire ar maidin. Tháinig an ridire go dtí é. - "Eirigh suas as sin tá sé a n-am a'd a dhul ag obair." Chaith sé a léim anuas ar an talamh. "Siubhail uait," arsa an ridire.
D'imthigh leo go dtáinig siad go dtí bruach abhann. 'Spáin sé caisleán mór dhó. "Bíodh chuile chloch ins ann gcaisleán sin caithte amach agat sul má thiocfaidh an ghrian faoi tráthnóna," arsa an ridire. D'imthigh leis an Ridire abhaile agus d'fhan an feilméara ag breathnughadh ar an gcaisleán. Ní fhéadfadh sé blas a dhéanamh leis an gcaisleán bhí sé chomh dlúth sin le chéile nó go dtáinig inghean an Ridire le na dhinnéar aige. D'ith agus d'ól sé a dhóithin agus d'innis di cé'n obair a bhí le déanamh aige. Ní bheadh buile buailte ar mhórán agat nuair a bhí an caisleán druim ar ais ins an abhainn aice. "Anois," adeir sí, "tiocfaidh m'athair tráthnóna agus leig ort nach bhfuair tú trioblóid ar bith uaidh 'na leagan." B'fhíor dí. Tháinig an Ridire tráthnóna.
"Feicim" adeir sé, "go bhfuil an obair sin críochnuighthe agat," "Go deimhin" arsa an feilméar, "ní bhfuair mé mórán trioblóide ar bith uaidh. "
"Sé an obair lae a bhéas a'd amáireach"(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 11
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Informant
- Pádraig ac Thuathaláin
- Gender
- Male
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway
- Informant
- Seán Seosamh Ó Cúláin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway