Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0408
  3. XML “Ridire na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé amuigh ins an gcrann aice sul d'éirigh an ridire ar maidin. Tháinig an ridire go dtí é. - "Eirigh suas as sin tá sé a n-am a'd a dhul ag obair." Chaith sé a léim anuas ar an talamh. "Siubhail uait," arsa an ridire.
    D'imthigh leo go dtáinig siad go dtí bruach abhann. 'Spáin sé caisleán mór dhó. "Bíodh chuile chloch ins ann gcaisleán sin caithte amach agat sul má thiocfaidh an ghrian faoi tráthnóna," arsa an ridire. D'imthigh leis an Ridire abhaile agus d'fhan an feilméara ag breathnughadh ar an gcaisleán. Ní fhéadfadh sé blas a dhéanamh leis an gcaisleán bhí sé chomh dlúth sin le chéile nó go dtáinig inghean an Ridire le na dhinnéar aige. D'ith agus d'ól sé a dhóithin agus d'innis di cé'n obair a bhí le déanamh aige. Ní bheadh buile buailte ar mhórán agat nuair a bhí an caisleán druim ar ais ins an abhainn aice. "Anois," adeir sí, "tiocfaidh m'athair tráthnóna agus leig ort nach bhfuair tú trioblóid ar bith uaidh 'na leagan." B'fhíor dí. Tháinig an Ridire tráthnóna.
    "Feicim" adeir sé, "go bhfuil an obair sin críochnuighthe agat," "Go deimhin" arsa an feilméar, "ní bhfuair mé mórán trioblóide ar bith uaidh. "
    "Sé an obair lae a bhéas a'd amáireach"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig ac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Seosamh Ó Cúláin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe