Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa an ridire, "é a chur ar bun mar bhí sé cheana. Téirigh abhaile anois, agus téirigh a chodladh."
Suas leis ins an gcrann céadna 'na raibh sé an oidhche roimhe sin nuair a chuaidh muinntir na cúirte a chodladh tháinig an inghean agus thug sí isteach 'na seomra féin arís é. Thug sí biadh dhó agus chuir sí deis codladhta air agus bhí sé amuigh ins an gcrann sul má d'eirigh aon dhuine sa gcúirt ar maidin.
Tháinig an Ridire agus dubhairt sé leis a ghabháil i mbun a chuid oibre. Nuair a tháinig sé go dtí bruach na h-abhann ní raibh aon chloch le feiceáil aige, agus tháinic buaidhreamh air. Shuidh sé síos ag cuimhneamh air féin. Acht ba gearr go dtáinic inghean an ríogh. Chuimil sí slaitín do bharr an uisge agus ba ghearr go raibh an caisleán ar bun mar do bhí sé cheana. -"Téirigh go dtí t'athair anois," adeir sí, "agus abair leis nach fréith ar bith duit na hoibreacha sin a dhéanamh." Rinne sé mar adubht sí.
Nuair a tháinic sé go dtí an Ridire - "A' bhfuil an obair sin críochnuiththe agat?" adeir an R. "Tá gan trioblóid ar bith," adeir seisean.
Bhí cailleach cearc ag an Ridire agus dubht an R. léi: "Mara bhfuighe tú obair nach mbeidh an fear seo indon a dhéanamh caillfe tú an ceann." Ar maidin lá'r n-a mháireach, chuaidh sé go dtí an chailleach agus d'fhiafruigh dí cé'n obair abhí ceapaighthe aici le h-aghaidh an fhir sin. - "Tá tobar ins an bpáirc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádraig ac Thuathaláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Seosamh Ó Cúláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway