Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)-Sin iad comharthaidheacht comhluadar tighe a mbeadh beatha mhaith acab agus nach ngabfadh sí 'un maith dóibh mar gheall ar iad do beith ag troid 'sag achrann.
-An bhfaca tú an pháirc araibh na caiple beatuighthe ann?
-Chonaiceas.
-Sin iad ar nór an chomhluadar a bheadh lágach le chéile agus a ngabhfadh an rud a d'íorfaidís 'un maitheasa dóibh.
-A'bhfaca tú an pháirc a raibh na caoire ann?
-Chonnaiceas.
-Sin é cmharthaidheacht na ndaoine sa domhan uileag - na caoire bána agus sin é an deabhal an chaora dhubh. An chaora bheadh ag ithe annsin agus go mbuailfeadh sé buille uirthi sin é comharthaidheacht an duine is mó mbeadh ag leanacht bealach a leasa - an d. is mó mbeadh an deabhal ag cur cathughadh air.
-A'bhaca tú an áit a raibh an dá fhear déág agus an fear mór istigh eatorthabh?
-Chonnaic agus facthas dom go raibh tusa ann.
-Sin é Mac Dé agus a ndeacha do ghearraidheachaí air nuair a bhfulaing sé an páis. Agus an dáréag a bhí ann b'shin iad an dá asbol déag. Agus nuair a bhíos duine ag gearradh Dé tosó na gcearrachaí sin ag tabht fhola agus 'siad an dá asbol déag leis na naipcíní a bhíos ag triomú ns fola dhó. A'bhfaca tú an abhainn a raibh chuile shórt ag dul le fanaidh uinti? Sin í an abhainn atá ag gabhail isteach go h-Ifreann agus na páirt bhí ann sin iad na páirtí fhághanns bás gan baisdeadh.
An bheatha bhí ag gabháil leis an abhainn sin é an bheatha tiomainte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Finneadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway