School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 222
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    3. TOCHTÁN NA SMEIGE
    mar sin a thabhairt de'n leanbh breóíte agus leigheasfaidh sé é. Tógtar a chomhairle agus leigheastar an leanbh. Uaireanta tugtar BAINNE ASÁIL mar leigheas i gcóír an ghalair sin.
    Leigheas eile:
    Deantar sioróíp as SUGH OLA NUIS, sugh líomóin, BRAOINÍN UISCE BEATHA agus gealán uibh. Nuair a thagann an casactach tugtar cúpla spionóg do'n sioróip de'n othar.
    Leigheas eile:
    Cuir GÁIRLEÓG i mbonnaibh na gcos. Cuir peíre stocaí troma ar an leanbh

    5) AN GALAR BUIDHE
    1) Óltar LEANN BEIRBHTHE le siúcre agus té gan uisce gan siúcra. Ithtear arán bán ón mbácaer
    2) Leigheas eile: measctar SUGH CRAINN FEARNÓIGE le sugh crainn BARBRÓÍGE Sioróip a dhéanamh

    6) BORRADH-PHÉIST
    1) Deantar meascán as AOILEACH o thigh na laoi agus ruibh (?) cuirtear í sin mar cheirín go dtí an áit tinn
    2) Leigheasfaidh fuil DUINE DARBH AINM BREATHNACH an galar sin leis. Piocann an duine a mhéar agus nuair abhíonn sí ag tabhairt fola, cuimileann sé í go dtí an áit tinn.

    7) DATHACHA
    1) Duilleóga CAISTREABHÁIN bogtha mar duilleóga te.
    Ólann an t-othar an t-uisce.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish