School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 300
- XML “Piseoga an Tí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na beir isteach scuabh buabhall go tug cómhnuidhe nú an draigín donn cuireann síad san na daoine ag troid le na chéile.Na cuir cárta imtheartha tré theine.Nuair a bhíonn tú ag dul ar aifrinn ná iompuigh tar n-ais in aon chor.Nuair a bhíonn duine breóite ná ceart an rud dul ar chuaird chun é.D'fheiscint Dé Céadaoin nú Dé hAoine.Nuair a thógfá sciolláin amach chun íad do chur ní chart an rud íad do tabhairt abhaile leat airís.Nuair atá ainmidhe agat chun é do mharbhúghadh seachan agus na dein é do mharbhúghadh Dé h-Aoine.Nuair a nigheann tú do chosa coiméad an t-uisce isteg go dtí an lá atá chúgat.Nuair a thosnuigheann tú chun na prataí do chur beir griosach nú smearóidí agus uisce coisneacan amach leat croth íad ann, ar an gcéad iomaire le áth.Nuair a bhíonn an gharrdha curtha agat caithfidh tú na h-úirlisí do chur tré teine.Nuair a bhíonn tú ag dul ar turus agus nuair a chasfadh bean ruadh ort tíochadh mí-ádh éigin ort annsan.Nuair ba mhaith leat mórán im a bheith agat caithfidh láimh leinbh do tharraing tríd.Ná cuir feóil úr isteach sa truachail nú atá an láir ag iomchar searraigh. Ní thiocfadh aon mí-ádh ar má chuirfeadh tú cuid de ar theangainn na láireach ar dtúis.Ná tabhair cearch guir d'aoinne nú gheóbhadh do fhear a chéile bás.Ná téighir isteach sa tig nuadh agus do lámha folámh.(continues on next page)