School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 247
- XML “Scéal Púcaí”
- XML “Coinnín na bPúcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis na an sluaigh ist'oidhche.D'innis Seáin a scéal de dhochtuirín."Á" ar seisean ort fhéin bíod mar d'fágais do chapall agus do chairt i lár an bhóthair an oidhche úd ag dul go Corcaigh. Bhíodar an tslíghe orainnse agus da dheineadar san duit mar "sampla". Ní cheart ríamh capall agus cairt d'fhágaint i lár an bhóthair mar sin gan íad do tharraingt isteach ar leathtaoibh.Trí fichid iseadh aos fir
Triúr fear " fiadh
Trí fíad " fiolar
Trí fiolar " iomairt críche
Agus trí iomairí críche ó thus go deire an domhan - Do bhíodh an fear seo Coinnín na bpucaí leis na púcaí fadó agus lá amháin bhí sé ag ól i dtig tabhairne nuair a thánaig fear ó beal-átha-an-ghaorthaidh isteach. Tosnuig an fear seo ag magadh fé agus a rádh nach raibh aon chiall leis a chainnt agus ná bíodh sé leis na púcaí in aon chor."Tá go maith" arsa Coinnín, "an cuimhin leat an oidhche áirithe seo nuair a d'eirigh ar mhaidin bhí do [léig?] caithte amuigh ar an úrlár agus é go léir salach agus níor thuigis an scéal in aon chor.Rud eile is salach an tig a coiméadann do bhean.Ní dubhairt an fear seo fochail ach súibhal amach mar bhí an craft ag Coinín.