School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 298
- XML “Coinnle Páideoige”
- XML “Leite Bhán is Praiseach”
- XML “An tSrathair Fhada”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)den bunach lín sa slighe éigin agus tar éis tamaillín bhíodar deunta don cadás. Annsan deuntar coinnle do chaitheamh i mulla agus tá mórán mullaí le feiscint i gCaolchuill fós. Tá ceann le feiscint i dtig Shéamuis Uí Chróthuir fós agus bhíodar ag deunamh coinnle ann tamaillín beag o shion.Is annsan a tháinig na lampaí óil timcheall caogadh bliáin o shion. Ní raibh aon lampaí ann ar dtúis acht buidéil. Is amhlaidh a chuirfidís buicheas tré arcán agus bhí gloine ortha leis. Acht nuair a bhíodar ar lasadh bhí mórán deatach mór-thimcheall an tighe i gcómhnuide.Dá dtéighteá isteach sa tigh an uair sin ní bhfeudfá aon rud d'fheiscint nó ni bhfeudfá paipéar do léigheam leis agus bhí droch-bholadh ann i gcómhnuidhe acht ar seise liom ní raibh parluis aca in aon chor an uair sin acht amháin. Bhí ceann amháin i dtig muinntir Uí Maghtúna i Meall-a-mhanaigh i dTig Uí Cruadlaoí i dTrán-na-Maddraí caogadh bliaín o sion. Cheap him ar seisc go raibh ceann eile i dtig Sheáin Mhóir i gCumair leis agus i dtig Uí Laoghaire i Inse-Cloch agus ins na tigthibh san a bhí na vigil leis. Bhí teincéirí ag dul ar fuaid na tuaithe an uair sin agus bhíodar ag deunamh lampaí annso is annsúd agus chuirfidhis ag crochadh o'n síonáil íad.
- Dúbhairt sí liom go raibh difríocht idir leite bán is praiseach mar deintear leithe bán as uisce beirthe agus praiseach ar bainne agus suas go blíain o shion chuireadar leithe ar an mbórd le bainne is ím agus go raibh an bíad san fionnfhuar agus blasta i gchóir an dinnéir leis na fearaibh a bhíodh ag obair ins na pairceannaibh.
- An tsráthair-fhada(continues on next page)