School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 169

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 169
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Is breágh an saoghal atá agaib anois" ar seisg...

    "Is breagh an saoghal atá agaibh anois" ar seise, seachas nuair a bhíos óg. Is maith is cuimhin liom an t-am nuair ná raibh aon tae ag imteacht ná cóife ná aon ciotal chóimh beag. Is annsan a bhí prátaí agus min-coirce agus praiseac deanta de mhin-choirce. Agus annsan nuair a marbheóchaidir gé ná aon rud chuirfidir min-choirce tríd agus d'ólfaidir agus íosfaidis i dteannta i. Chuirfidís an corcán ar an dteine agus praiseach ann, agus chuirfidís geall le na chéile cioca do'bhfearr a bheadh baisín praise sc9ltha aca as dtúir. Tagaid na fir na tuaithe isteach ag sgoríocht agus gheobhaidir gach éinne aca baisín phraisigh beirthe agus bheidís ag rith le na chéile cioca aca ba thuisce a bheadh an báisín ólta aige. "Bhí cistí mín-coirce aca leir" ar seise.
    "Ní fheacha mé a leithéid riamh" ar mise léi. Annsan do lean sí airís. An ciste is milte ar itheas ríamh. Ní chuirfidís sóda na h-aon nídh eile ann ach bainne [reimhar?] agus blúire [tine?]. Sa t-sean aimsear bhí bró ar gach tig. Bhí ceann aca as a gCuilneach (áit atá in-aice na scoile seo) agus meilfaidir féin an choice. Ní raibh aon mhuileann ann an uair sin. Chuirfaidír ar an ngrideal é agus isteach san bódhrán.
    Cuimhin liom maigistir scoile darab ainm Michéal (Neddy) O Maghthúna. Shiúbhalaig sé gach aon scoil. Bhí sé ag Maca na Cliath, Caolchuill, agus Ceapach Buidhe. Ní raibh mótor na "bicycle" ar siubhal an uair sin. Bhí ceithre cinn de bhuaibh aige agus ní h-ólfadh sé braon bainne ach an praiseach agus thabharfadh sé an bainne doscna gamhnaibh. Ólfadh sé an praiseach trí h-uaire sa ló leis na prátaibh. Díreach mar ólfaimís an tae anois. Chuirfidís [iodhín?] agus piobar tríd agus ní raibh an fhuil bhásuighte aca fé mar atá sé anois le na "tae leaves".
    "Nuair a bhíos ag dul ar scoil" ar seise, go Ceapadh Buidhe, bhí dhá chapall bata i gcoir an mbuachaill mar bhíodar cómh mór le h-aoinne atá ag gabhail an bhóthair anois. Ghabhfaidís ar an maighistir gach aon lá agus ghabhfeadh sé ortha agus chuirfeadh sé m-áirde as gcapall bata iad. Bhí stóil aca ní fóghluimeóchaidír aon rud ach bheidir ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán De Barra
    Gender
    Female
    Age
    92
    Address
    Cappaboy More, Co. Cork