School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 284
- XML “Murúch i nDún na mBárc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá dá raibh sé ag iascaireacht sa chuan é féin agus fear eile d'imthigh an fear eile abhaile agus d'fhán an fear i bhfeidhil a ghnóth féinig. Ag machtnamh seal leis féinig a bhí sé nuair a bhí an fhairrghe ciúin nuair a chonnaic sé amhaile ag teacht cuighe i mbárr na tuinne. Cheap sé ar dtúis gurb é maora nú bhféidis fear nú bean a bhí ann. Do leabhar sí leis á rádh a líon do chaitheamh amach ar thaobh eile d'en gcuan agus go bhfuigheadh sé lán íasc agus go mbeadh íasc bhreach eagsamhlac 'na measg. "Tóg abhaile ag t-íasc agus go mbeadh íasc bhreach eagsamhlach", sin ar seise. "Chuir isteach sa chorcán í agus nuair a bheadh sí beirithe tabhair dod mhnaoí í agus leog di í d'ithe i ngan fhios duit an brionnglóid seo a innsint di". Má deineann sí an rud san agus gan theip ar aon fud, beidh mac agat agus do bhean féinig i ndeireadh na blíadhna seo chúghainn.Bhí ionghadh ar an bhfear an mhuarduach leo d'fheichéal. Bhí ceann breágh le brollach mná í lán do scálaí agus i ndeireadh na scribíní bhí earball iasg uirthe. Bhí ionghadh ba dhó ná é air nuair a dúbhairt sí leis go mbeadh mach aige féinig. Bhí sé ag mhachtnaimh nuair a dhuirigh sí é aíris. Deanfad an rud sin ar seise ar aon choingheall amháin sé sin go gcaithfidh tú do mhach san a thabhairt dom nuair a sroiffidh sé fiche is a h-aon bhlíain d'aois bhí an fear go brónach anois ach cad do bhí le deanamh aige agus do chuir sé fé gheasa é féin cún é sin a dheanamh. Do gheall sé annsan é go ndeanfadh sé é.D'imthigh an fear abhaile agus ní dúbhairt sé fochal d'á mnaoí na thaobh. Lá ar na bháireach d'imthigh sé amach airís agus do dhein sé gach rud díreach mar a dúbhairt an mhuarduach leis. Rug sé ar na h-íascaibh go léir agus má rug bhí an(continues on next page)
- Collector
- Seán O Macháin
- Gender
- Male
- Address
- Kealkill, Co. Cork
- Informant
- Diarmaid O Seaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Dunnamark, Co. Cork