Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá dá raibh sé ag iascaireacht sa chuan é féin agus fear eile d'imthigh an fear eile abhaile agus d'fhán an fear i bhfeidhil a ghnóth féinig. Ag machtnamh seal leis féinig a bhí sé nuair a bhí an fhairrghe ciúin nuair a chonnaic sé amhaile ag teacht cuighe i mbárr na tuinne. Cheap sé ar dtúis gurb é maora nú bhféidis fear nú bean a bhí ann. Do leabhar sí leis á rádh a líon do chaitheamh amach ar thaobh eile d'en gcuan agus go bhfuigheadh sé lán íasc agus go mbeadh íasc bhreach eagsamhlac 'na measg. "Tóg abhaile ag t-íasc agus go mbeadh íasc bhreach eagsamhlach", sin ar seise. "Chuir isteach sa chorcán í agus nuair a bheadh sí beirithe tabhair dod mhnaoí í agus leog di í d'ithe i ngan fhios duit an brionnglóid seo a innsint di". Má deineann sí an rud san agus gan theip ar aon fud, beidh mac agat agus do bhean féinig i ndeireadh na blíadhna seo chúghainn.Bhí ionghadh ar an bhfear an mhuarduach leo d'fheichéal. Bhí ceann breágh le brollach mná í lán do scálaí agus i ndeireadh na scribíní bhí earball iasg uirthe. Bhí ionghadh ba dhó ná é air nuair a dúbhairt sí leis go mbeadh mach aige féinig. Bhí sé ag mhachtnaimh nuair a dhuirigh sí é aíris. Deanfad an rud sin ar seise ar aon choingheall amháin sé sin go gcaithfidh tú do mhach san a thabhairt dom nuair a sroiffidh sé fiche is a h-aon bhlíain d'aois bhí an fear go brónach anois ach cad do bhí le deanamh aige agus do chuir sé fé gheasa é féin cún é sin a dheanamh. Do gheall sé annsan é go ndeanfadh sé é.D'imthigh an fear abhaile agus ní dúbhairt sé fochal d'á mnaoí na thaobh. Lá ar na bháireach d'imthigh sé amach airís agus do dhein sé gach rud díreach mar a dúbhairt an mhuarduach leis. Rug sé ar na h-íascaibh go léir agus má rug bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmaid O Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na mBárc, Co. Chorcaí