Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa bhlíain 1822 nuair a chuireadh troid suas i gCéimh an Fhiaidh i gcoinnibh na procadóirí Sasana agus bhí na saighduírí ag dul ar an mbóthar "damhais" chonnachadar ceann dos na buachaillí diomhainigh ar an dtaoibh eile den abhainn. Bhí sé san aiteann agus do scaoil na saigdúirí chuige agus do marbhuigheadar é. Caogadh blíain o shion nuair a bhí Díarmuid O Dúinnín na chómhnuidhe i meall-a-mhanaigh sé sin an áit atá suidhte leath slighe idir Caolchuill agus Scoil Mocomóg.Oidhche amháin do dhein taidbhreadh dó go raibh prócha óir curtha i bfholar fé sgeith ghil tamaillín beag taobh thíar ón leabaidh a bhuachalla sé sin an áit atá an buachaill a mhairbh na saighdúirí curtha. Chuir sé ar a cheann é agus d'imthigh sé uaidh. An chéad oidhch eile do dhein an taidhbhreadh cheudhna do airís agus gach (duine) oidhche as san amach bhí an scéal cheudhna aige.Fé deireadh bhí sé ag deanamh buartha dó. Thosnuigh sé ag macthmamh dó féinig agus sé a rud a dhein sé ná dul suas go drom dubh agus d'innis sé an scéal dó a chol-cheathar a bhí 'na chómhnuidhe san áit sin. Tháinig an fear san leis go Meall-a-manaigh agus nuair a bhíodar go léir imthighthe go leabhaidh d'eirigheadar ag chuadhar fé dhein an áit agus na h-úirlísí go léir aca. D'aimsigheadar an sgeach ag thosnuigheadar ar an obair. Mo lean tar éis tamaillín do thainigheadar ar lic éigim. Annsan do thosnuigh sé ag chur fearthainne agus splainnc agus toirneacha agus b'éigin dóibh eirighe ar agus rith le n-ainmneachaibh agus is ar éigin go rabhadar caillte ar fad mar bhí aill mhór fhada doimhin ann agus an oidhche an-dorca. Níor thugadar aon íarracht eile chun an óir d'aimsuí le h-eagla go dtuitfead aon bhille eile as.
- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 10