Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “Seán na gCailíní”
  4. XML “Larraí na gCroc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán a gcailíní (fear a bhí na chomhnuidhe i hInsi-ghearradh leath-míle taobh thiar den gCaolcoill).
    Bhí triúir mac ag Bríghid Ní Rálí agus do dheineadar althóireacht éigin ar an slíghe. Tháinig an comharsan isteach a ngearán. Fuair sí cathaoir agus dúbhairt sí le Dónal Mór sé sin a fear. Fuair sí cathaoir agus chuir sí feacaint ar Donal Mór suidhe sa cathaoir.
    Ceistig sí Tadhg annsan.
    Bhuail sí báirrlín bán uirthí féin.
    Ceistig sí Dónall annsin.
    Nuair a bhí Dónal ceistighthe aici agus bhí Seán uaithi. Cuir Seán chun a chúrsa féin d'innsint. Nuair a bhí sé tabhartha amach aige, dúbhairt sí
    "Dar Dia a Sheáin da mbeadh beagán tabhairt suas agat deanfá an gnó".
    "Bhuel about a Dhonaill", ar seise, "cad tá le rádh agat anois".
    "Ma dheinidir ach leath beidir níos fearr" ar seisean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Larraí na gCroc (bhí sé na chomhnuidhe ar aghaid oifig an phuist amach).
    Bhí Larraí na chóimnuidhe ar an gcarraig ar aghaid tigh an phuist amach. Dúbhairt sé rud éigin le Liam Óg Ua Súilleabháin. Táinig Liam chuighe agus do bhris sé an botháinín air agus do chaith sé amach é. B'fhuiriste duine caitheamh amach an uair sin. Thóg sé go dtí an chuairt é síar.
    Dubhairt an breitheamhan leis leis a cúrsa d'innsint.
    He knocked mo housín agus broke mo lochtín (cualachta a bhí deanta le slata) agus caith mé amach ar an mbóthar agus bhris sé mo lorga agus Dis tá-sa I had a hungry day an lá-san.
    Agus Guistís an Árn what úsáid is that agus caith an guistis anuas den mbinnse O Suilleabháin agus ní leogfidhe ar an mbinnse a thuille é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge