Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 248
- XML “An Cluiche Peile”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear 'na chomhnuidhe thoir i dTuirín na hÉan fadó, agus bíodh sé beagán as a meabhair uaireannta. Do dhein sé iarracht ar a sgórnach a ghearradh agus fuair na pílears an scéal amach 'na thaobh agus bhíodar 'na dhiadh chun breith air 'na taobh. Bhí na cómharsain go léir an-ceannamhail air agus gach aon oidhche ar feadh abfad do chodluigeadh sé amuig i mbéile nó bóthán éigin agus cómharsa éigin 'na theannta.An oidhche seo do bhí an bheirt 'na gcodladh nuair a chualadar an chainnt go léir lasmuigh den mbéile agus do dhuísigeadar."Begor" arsan fear buile. "The lads are coming for me".D'eirigh an bheirt aca agus d'fheucadar amach agus do chonnacadar páiste mór den chnoc is a gcómhair amach, agus ó choimh geal leis an lá agus sluagh mór ann agus íad ag imirt peile. Do bhí an-spóirt aca díreach mar a bhíonn daoine ar an saoghal so. D'fhán an bheirt ag faire ortha ar feadh a bhfad agus nuair a bhíodar tuirseach a chuadar a codhladh.
(gan teideal)
“Gach bliain dá dtiocfaidh ag dul...”
"Gach bliain dá dtiocfaidh ag dul i bfliche is indeannaighe
Gach dream dá dtiocfaidh ag dul i mine is i mbréagaidhe
Imthéochaidh an fhéile agus tréighidh an trádh.