Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “Scéal an Dréimire”
  4. XML “Scéal a Bhí acu i gCamfóla Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo scéal an Dréimire
    Breis trí fichid bliáin ó shoin ní raibh i bparóiste na dtuath ach séipéal go raibh díon air in [inead?] sloinne. Is dócha go raibh an scéal céadhna le h-insint i dtaoibh an cuid is mó do séipéalaibh na hÉireann leath-chéad bliain o shoin ach ní baineann se lein scéal seo.
    Do bhíodh sa séipealáibh dréimire sínte cos an fhalla. Ní raibh sa pharóiste acht an dréimire amháin cómh mór leis agus nuair a bhíod na feirmeóirí ag chur tuighe ar a gcuid cocaí stór agus stachaí bíodh ann. Bhíodar ag éileamh ar dreimre mór a'tsagairt agus is mó phic prátaí agus punt [olna?] a fuair Donnchadh a'cléirig i dtaoibh íasacht an dréimre.
    Bhí an dréimre ag imtheacht agus ní thabhairfidís thar n-ais é in aon chor. Fé deireadh do thuit slinn ar ail séipéal le neart asa gaoithe agus d'imthigh an sagart féin fé dhéin an dréimre, agus dubhairt sé leis a chléirigh gan an dréimre a thabhairt uaidh a thuille. An Domhnach na dhiaidh sin bhí sé ag tabhairt seanmóir uaid. D'fheuch sé síos agus ní raibh an dréimre ann.
    "A Dhonnchadha ar seisean, cá bhfuil an dréimre imthighthe a bhí annso indhé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí biteamhnaigh i gComfóla fadó agus caith na daoine bochta na gabhair a cheangail na leapa. Ní raibh aoinne dul uathu. Thánagadar isteach agus do thosnuig na daoine a bhí ag sgorúicht ag cnaga a n-ingní i gcoinnibh a chéile nuair a bheadh an dream eile ag goid na ngabhar ag leogaint ortha gurb é a gcíre a bhí á cogaint aca.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán De Barra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí