Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 315
- XML “Seantóir”
- XML “Aifrinn Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní le rádh go gcuirfidís airgead do chuir síos sar a (thóga dar) thógfaidís an fódh leo.Deirtear leis gur chuireadh na franncaigh as Cillmocmógh go Garrdha Mhurchadha le draoidheacht mar seo."Síar long go garrdaí Mhurchadha
Mar a bhfuil an cnuimh ithireach
An teancil o rúidh". (teounkilo:ru:ig) - In aimsear na dlighthe píanamhla d'airigheas féin ó na sean-daoine go raibh aifrinn á léigheamh ag na sagairt annso is annsúd ar fuaid na paróiste. I n-aice na scoile in a bhfuilim ag múineadh i gCeapach Buidhe tá Clais mhór fhada ar a dtugtar Clais an Aifrinn, agus áit an dheas is eadh í. Nuair a bhí na saighduírí ag rith i ndiaidh na sagart ní raibh sé ceaduighthe aca aifreann á rádh ins na seipéilibh. Annsan chuadar [léigheamh?] agus í ag chur seacha go minic.Tamall fada na dhiaidh san nuair a bhí na saighduírí imthighthe bhí clog an aifrinn le cloisint ag na daoine mór-thomcheall na h-áite seo, gach Domhnach ar a dho-dheug a chlog. Dónal Phaidir a tugtar air agus ní-ró fhada o shion a fuair sé bás. Bhí sé in a chómhnhuidhe i dtig Dhónail líath agus dúbhairt sé an rud san cúpla blíain sar a bhfuar sé bás. Tá streapanna dul suas go dtí cloch na hAltórach agus tá pluais(leanann ar an chéad leathanach eile)