School: Scoil N. Mocomóg

Location:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 261
  3. XML “An Chuach”
  4. XML “Scéál na Bó i gCum na Feola”
  5. XML “Scéal Púca Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal na bó i gCum na Feóla
    Do bhí Mícheál, Díarmuid, agus Cáit Ní Súilleabháin ag teacht abhaile ón aonach a bhí i mBeanntráighe caogadh blíain o shion. Bhí an grían ag brath ar dul fé. Tamall roimhe sin bhí bó aca sa bhaile agus bhí sí breoithe tamall, agus tar éis bháis. Nuair a bhíodar ag teacht go dtí droichead snáimh chonnachadar an bhó a fuair bás cúpla cúpla lá roimhe sin agus í ag rith go mear. Do léim na fir amach on dtruachail chun cosg a chur leí ach do theip ortha glan.
    Annsan chuadar abhaile agus d'innsigheadar an scéal dos na daoine eile. An oidhche sin nuair a bhí sé ag crúdh na mbó, chonnachadar an bhó airís. D'fhán an ghamhain acu ar feadh tamaill fada. Maidin áirithe nuair a dhúisigheadar bhí an gamhain imtithghe uatha, agus chuarduigheadar gach áit ach mo léir ní fuaradar taisc ná tuairsg mar gheall uirthi go dtí an lá seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal púca eile
    Tá lán scéalta againn mar gheall ar na púcaí a bhí ann fadó ach bhfearr liom ná aon scéal aca ceann a d'innis mo mháthair dom i dtaoibh púca a bhí i [gCaolinaigh?] i n-aice Beul-Atha-an-Ghaorthaidh. Do thuit sé amac nuair a bhí mo shean-mháthair na cailín óg. Tháinig sé i mí na Samhna 1804 agus lean sé am go mí na Márta. Sórt caoine a bhí aige agus tosnuigheadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.